Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Snáthaid cnámh (bone needle) a fuair Máire istigh ar an oileán in Inis Bó Finne am amháin, bhí sí i nGort an Choire ag taispeántas uair amháin agus i mBaile Átha Cliath fosta. Fuair sí í in áit a raibh clocha dóite, taispeánann seo go raibh daoine ina gcónaí ann ag am amháin.
Fuair sí píopa beag ann fosta. | 00:02:54 | |
Cónaí / taisteal go oileán Inis Bó Finne. | 00:02:34 | |
Seanchas Oileáin Dhúiche amuigh ar chúl Inis Bó Finne. An áit a tháinig an t-ainm as. Bhí teach phobail beag ann a raibh clocha de shórt éigin cosúil le bró istigh ann, chonaic Máire iad agus deirtear gur clocha a bhí iontu le plúr a dhéanamh le sórt inteacht de chomaoineach a bheith acu fadó fadó. An cónaí deireannach a bhí ar an oileán, Clann Uí Bhríde, ba ghnách leo beithigh a thabhairt isteach ‘un oileán trasna an Chlocháin. | 00:05:28 | |
Chaith sí saol maith, bhain sí sult as a ham istigh ar Oileán Inis Bó Finne, go háirithe roimh am na Nollag. Bhí na páistí beag agus chaitheadh sí bréagáin Dhaidí na Nollag a chur i bhfollach, a cuimhní ar an am sin agus an seanfhear, Paidí Dick, ag scéalaíocht. Deireadh sé an paidrín gach oíche agus an dóigh a bhí se ag rá Ár nAthair. | 00:03:41 | |